Ní úsáideann tú forainm (mé, tú, sé, etc.) agus freagra dearfach nó freagra diúltach á thabhairt agat ar cheist san aimsir chaite – bíonn sé mícheart de ghnáth forainm a úsáid nuair a bhíonn Yes agus No mar fhreagra ar cheist.
You don’t use a pronoun (mé, tú, sé, etc.) when you answer a question with a Yes or No answer – it’s usually incorrect to use a one in this case.
An raibh tú ansin aréir?
Were you there last night?
Bhí.
Yes.
Ní raibh.
No.
An ndeachaigh sí ar saoire?
Did she go on holidays?
Chuaigh.
Yes.
Ní dheachaigh.
No.
Nuair a dhéanann tú ráiteas caithfidh tú, gan amhras, forainm a úsáid:
When you make a statement you must, of course, use a pronoun:
Bhí mé ansin aréir.
I was there last night.