seomraranga.com

seomraranga.com

Is suíomh é seo a cruthaíodh le cur ar chumas múinteoirí acmhainní teagaisc don seomra ranga bunscoile a roinnt lena chéile. Tá neart acmhainní ann don Ghaeilge, idir phóstaeir, leabharmharcanna, dhánta agus tráthanna na gceist.Tá eolas le fáil ann faoi aipeanna Gaeilge freisin.

Múinteoir darb ainm Damien Quinn a chuir tús leis an tionscadal seo in 2007. Tá ábhar nua á chur leis an suíomh go leanúnach, mar sin, is fiú go mór cuairt a thabhairt air go rialta. Tá acmhainní ann a bhaineann le hábhair eile Churaclam na Bunscoile chomh maith.

seomraranga.com