Gaeilge gan Stró! - Beginners Level - Sample Unit

Fáilte chuig Gaeilge gan Stró! – Beginners Level

Thank you for giving this sample unit a try! We hope you enjoy it and that it inspires you to continue your Irish-language journey.

Go raibh maith agat as triail a bhaint as an aonad samplach! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as agus go spreagfaidh sé thú chun leanúint ort le d’aistear foghlama Gaeilge.

Gaeilge gan Stró! - Beginners Level is a comprehensive multimedia language course designed for adult learners of Irish. Perfect for those with little or no prior knowledge of the language, the course enables learners to develop their language skills independently and at their own pace. It aims to equip learners with the confidence and skills needed to communicate effectively through Irish in everyday situations.

Is cúrsa teanga cuimsitheach ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, a dearadh d’fhoghlaimeoirí fásta. Téann an cúrsa chun sochair dóibh siúd nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása agus cuireann sé ar chumas foghlaimeoirí a scileanna teanga a fhorbairt go neamhspleách agus ar a luas féin. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa an mhuinín agus na scileanna cuí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun go mbeidh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge sa ghnáthshaol.

Here are some tips to help you navigate the course:

Seo cúpla leid le cabhrú leat an cúrsa a úsáid i gceart:

Click the sign to view subtitles which include English translations.

Cliceáil ar an gcnaipe chun fotheidil ina bhfuil aistriúcháin Bhéarla a fheiceáil.

Click the ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show Subtitles’ button button in the top-right corner to reveal all subtitles on the page.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles’ sa chúinne ar dheis ag barr an scáileáin chun na fotheidil ar fad a nochtadh.

Click the arrows Ar aghaidh at the top or bottom of each page to navigate through the units.

Cliceáil ar an saighead Ar aghaidh ag barr nó ag bun gach leathanaigh chun dul tríd an aonad.

Any questions or feedback? We’d love to hear from you! Email us at eolas@gaelchultur.com, post in the course forum or call us at +353 (0) 1 484 5220

Aon cheist nó aiseolais? Ba bhreá linn cloisteáil uait! Seol ríomhphost chugainn ag eolas@gaelchultur.com, scríobh ar fhóram an chúrsa nó cuir glaoch orainn ag +353 (0) 1 484 5220

Ádh mór

Ádh mór

Foireann Ghaelchultúir

Foireann Ghaelchultúir

Gaeilge gan Stró! - Beginners Level - Sample Unit