Is aimsir de chuid an bhriathair an aimsir chaite a úsáidtear chun gníomhaíochtaí nó staideanna a chur in iúl a bhaineann leis an am atá caite:
The past tense is a verb tense that expresses actions or states in the past:
Bhí mé sa Spáinn ar feadh coicíse anuraidh.
I was in Spain for a fortnight last year.
Bhí triúr mac aici.
She had three sons.
Sa chéad phearsa uimhir iolra den aimsir chaite, tá rogha agat idir dhá fhoirm éagsúla. Seo cúpla sampla:
In the first person plural of the past tense, you have a choice between two different forms. Here are a few examples:
Chuaigh muid … nó Chuamar … We went ...
Rinne muid … nó Rinneamar … We did ...
Cheannaigh muid … nó Cheannaíomar … We bought ...