Feidhm teanga:
Language function:
- eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt) - giving and requesting information (asking and answering questions)
Tá an múinteoir ag imirt ‘Cluiche Kim’ leis an rang. Tá bailiúchán de rudaí a bhaineann le hócáidí speisialta ar an mbord aici.
The teacher is playing ‘Kim’s Game’ with the class. She has a collection of things that relate to special occasions on the desk.
Cuireann sí éadach thar na rudaí agus tógann sí rud éigin ón mbailiúcháin. Ansin, iarrann sí ar dhaltaí an rud atá tógtha amach a ainmniú.
She places a cloth over the items and takes out one thing from the collection. Then, she asks pupils to name the object she has taken out.
Múinteoir: | Cad a thóg mé amach? What did I take out? |
Celia: | An choinneal. The candle. |
Múinteoir: | Tá an ceart agat. Thóg mé an choinneal amach. You’re right. I took the candle out. |
| Tógann sí rud eile amach as an mbailiúchán. She takes another item out of the collection. |
Múinteoir: | Cad a thóg mé amach an uair sin? What did I take out that time? |
Christopher: | Thóg tú an cárta amach. You took the card out. |
Múinteoir: | Thóg, cinnte. Thóg mé an cárta amach. I did, indeed. I took the card out. |
| Cuireann an múinteoir rud éigin leis an mbailiúchán an uair seo. The teacher adds something to the collection this time. |
Múinteoir: | Cad a chuir mé isteach? What did I put in? |
Celia: | Bronntanas. A present. |
Múinteoir: | Maith thú! Chuir mé bronntanas isteach. Well done! I put a present in. |