Seo abairt a dúirt Siobhán i gceann de na comhráite ag tús an aonaid:
Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas.
Tabhair faoi deara gur athraigh an focal Baile go mBaile mar go raibh an réamhfhocal simplí i ag teacht roimhe. Seo sampla eile d’úrú.
Nuair a chuirtear urú roimh litir, bánn sé fuaim na litreach sin. Nuair a fheicfidh tú na comhcheangail thíos, fuaimnigh an chéad litir agus tabhair neamhaird ar an dara ceann.
Cuirtear urú ar na consain b, c, d, f, g, p agus t tar éis an réamhfhocail shimplí i:
b → mb Béal Feirste → i mBéal Feirste c → gc Corcaigh → i gCorcaigh d → nd Doire → i nDoire f → bhf Fear Manach → i bhFear Manach g → ng Gaillimh → i nGaillimh p → bp Port Láirge → i bPort Láirge t → dt Trá Lí → i dTrá Lí
Tá fuaim speisialta ag na litreacha ng sa mhéid is nach mbánn an litir bhreise, n, fuaim na chéad litreach, g - tá fuaim faoi leith ag na litreacha sin nuair a thagann siad le chéile. B’fhéidir go mbeadh deacracht agat leis an bhfuaim seo ar dtús ach rachaidh tú i dtaithí uirthi tar éis tamaill!
Úsáidtear an fhoirm in roimh na gutaí:
Éadan Doire
Tá sí ina cónaí in Éadan Doire.
Inis
Tá siad ina gcónaí in Inis.