Cleachtadh 5: Bí ag caint!

Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Colm agus go bhfuil tú ag caint le Siobhán agus Antonella.
Abair:I recognise that woman – I’ve seen her a few times before, I think. Is she Spanish?
Siobhán:Ní hea. Sin Antonella – is Iodálach í. Rugadh agus tógadh sa Róimh í ach bhog sí anseo deich mbliana ó shin.
Abair:I heard her speaking Irish to Jennifer at the beginning of the night!
Siobhan:Is ea, tá Gaeilge líofa aici. Rinne sí cúpla cúrsa i nDún na nGall agus i gConamara.
Abair:She’s a clever woman!
Siobhán:Is ea, tá sí an-chliste. Cuirfidh mé in aithne duit í. A Antonella, seo é Colm.
Abair:It’s nice to meet you.
Antonella:Tá sé go deas bualadh leatsa freisin.
Cleachtadh 5: Bí ag caint!