Úsáidtear an modh ordaitheach den bhriathar nuair a bhíonn ordú á thabhairt. Sa Bhéarla, ní bhíonn aon difríocht idir an t-ordú a thugtar do dhuine amháin agus an t-ordú a thugtar do ghrúpa daoine, e.g. Set the table, Michelle agus Set the table, kids. Tá difríocht i gceist sa Ghaeilge, áfach. Féach ar na samplaí seo thíos.
Uatha | Iolra |
Suigh síos, a Chathail. | Suígí síos, a pháistí. |
Bí ciúin! | Bígí ciúin! |
Téigh a chodladh. | Téigí a chodladh. |
Éirigh, a Chathail. | Éirígí, a pháistí. |
Cuirtear ná roimh an mbriathar sa mhodh ordaitheach leis an diúltach a chumadh:
Uatha | Iolra |
Ná bí dána. | Ná bígí dána. |
Cuirtear h roimh ghuta a leanann ná:
Uatha | Iolra |
Ná hól an t-uisce sin. | Ná hólaigí an t-uisce sin. |
Ná hith na sceallóga go léir. | Ná hithigí na sceallóga go léir. |