Frásaí úsáideacha: Ócáidí speisialta

Éist leis na frásaí úsáideacha seo agus déan iarracht iad a rá tú féin ansin.

Lá breithe sona duit.

Nollaig shona duit.


Cad a fheiceann tú sa phictiúr?

Feicim crann Nollag.

Tá an crann Nollag go hálainn.

Tá cóta dearg ar Dhaidí na Nollag.

Tá mála bréagán ag Daidí na Nollag.


An raibh tú ag an sorcas?
Bhí. / Ní raibh.


Cad a rinne tú?

Chuaigh mé go dtí an sorcas.

Fuair mé bábóg nua.

An bhfuair tú bronntanas?
Fuair. / Ní bhfuair.

D’ith mé milseáin.


Cá raibh tú?

Bhí mé ag cóisir.

Bhí mé sa zú.


Bhí eagla orm.

Bhí tuirse orm.

Frásaí úsáideacha: Ócáidí speisialta