Má bhíonn an t-ainmfhocal san uimhir iolra, caithfidh an aidiacht a bheith san iolra chomh maith:
Uimhir uatha Uimhir iolra ceist dheacair ceisteanna deacra
Seo thíos an tslí a gcuirtear na cineálacha éagsúla aidiachta san uimhir iolra.
Uimhir uatha | Uimhir iolra | ||
Cuirtear... | -a le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan leathan san uimhir uatha | teach mór | tithe móra |
-e le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan caol san uimhir uatha | guth binn | guthanna binne | |
Athraíonn... | -úil go -úla | duine suimiúil | daoine suimiúla |
-air go -ra | lá deacair | laethanta deacra | |
Ní athraíonn... | aidiacht a chríochnaíonn ar ghuta san uimhir uatha | cóta buí | cótaí buí |
Eisceachtaí: | Athraíonn te go teo san iolra | oíche the | oícheanta teo |
Athraíonn breá go breátha san iolra | duine breá | daoine breátha |