Try giving the Irish version of the following phrases. Click on the icon in front of each sentence to see if your answer is correct.
1. I heard you were in New York for the weekend.
Chuala mé go raibh tú i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine.
2. We went there on Thursday and came back on Monday morning.
Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain.
3. Is that hotel expensive?
An bhfuil an t-óstán sin daor?
4. It’s difficult to get cheap accommodation in New York.
Tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua-Eabhrac.
5. Myself and Darren were in Spain for a fortnight.
Bhí mé féin agus Darren sa Spáinn ar feadh coicíse.
6. We spent a few days in Sevilla, then we drove to Granada.
Chaith muid cúpla lá i Sevilla, ansin thiomáin muid go Granada.
7. It’s a lovely town.
Is baile álainn é.
8. The beaches are very pretty and they’re not too crowded.
Tá na tránna go hálainn agus ní bhíonn siad róphlódaithe.
9. Myself and my cousin are going to the north of Italy.
Tá mé féin agus mo chol ceathrair ag dul go tuaisceart na hIodáile.
10. I’ve done a lot of travelling in the past few years.
Tá a lán taistil déanta agam le cúpla bliain anuas.
11. I was in America, in Cuba, in France and in Portugal.
Bhí mé i Meiriceá, i gCúba, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil.
12. Have you done much travelling yourself?
An bhfuil mórán taistil déanta agat féin?