Tá córas amháin ann sa Ghaeilge le rudaí a chomhaireamh agus córas eile chun daoine a chomhaireamh. Féachaimis ar an dara córas sin anois.
duine amháin
beirt
triúr
ceathrar
cúigear
seisear
seachtar
ochtar
naonúr
deichniúr
Níl sé ceart an focal duine a úsáid tar éis na n-uimhreacha pearsanta thuas. An Ghaeilge atá ar three people, cuir i gcás, ná triúr agus ní triúr daoine.
Bíonn ainmfhocail san uimhir iolra tar éis na n-uimhreacha pearsanta de ghnáth:
triúr buachaillí
ceathrar deirfiúracha
seisear cailíní