Frásaí úsáideacha: Sa bhaile

Éist leis na frásaí úsáideacha seo agus déan iarracht iad a rá tú féin ansin.

Tá mé i mo chónaí in árasán i lár an bhaile.

Tá tú i do chónaí in árasán.

Tá sé ina chónaí i dteach scoite.

Tá sí ina cónaí i dteach leathscoite.

Táimid inár gcónaí i mbungaló faoin tuath.

Tá sibh in bhur gcónaí i dteach dhá stór.

Tá siad ina gcónaí i dteach sraithe.


Cé mhéad seomra atá sa teach?

Deich gcinn.

Tá trí sheomra leapa sa teach.

Tá dhá sheomra folctha ann.

Tá ceithre sheomra thíos staighre.

Tá trí sheomra thuas staighre.


Bímid ag súgradh sa seomra spraoi.

Ithimid dinnéar sa seomra bia.

Tá mo sheomra féin agam.

Tá mé ag roinnt seomra le mo dheirfiúr.


Tá gairdín ar chúl an tí.

Tá an bord i lár an tseomra.

Tá pictiúr ar an mballa.

Tá cuirtíní ar an bhfuinneog.


Cá bhfuil mo mhála?

Tá sé taobh thiar den tolg.

Tá sé faoin gcathaoir.

Frásaí úsáideacha: Sa bhaile