Tá Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith gramadaí acu ach ar mian leo díriú ar na gnéithe den ghramadach atá níos dúshlánaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; leagtar béim ar chuid de na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin, agus ar na gnéithe atá níos casta.
Tugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aitheantas don chúrsa críochnúil. Beidh na múinteoirí a ghlacfaidh páirt ann i dteideal trí lá saoire phearsanta bhreise (EPV) a thógáil ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a bhaineann leis an gcúrsa.
Tá ábhar ón gcúrsa críochnúil roghnaithe againn chun blaiseadh beag a thabhairt duit den chúrsa. Tá an cúrsa críochnúil ar fáil anseo.