Tusa agus do Ríomhaire

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do dhaoine a chuirfidh ar a gcumas: - obair a dhéanamh gan dua ar an ríomhaire, trí mheán na Gaeilge - an Ghaeilge a léamh gan deacracht - Gaeilge chruinn a scríobh - úsáid éifeachtach a bhaint as na bogearraí agus as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fáil ar líne anois. Ní gá go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag duine chun tairbhe a bhaint as an gcúrsa praiticiúil seo. Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an cúrsa seo scríofa as Gaeilge - ní mór duit Gaeilge réasúnta maith a bheith agat chun ábhar an chúrsa a thuiscint. Ach ná bí róbhuartha - seachnaítear téarmaíocht chasta!

12 mhí
€35.00
Cláraigh
6 aonaid
40-50 uair an chloig
Cleachtaí idirghníomhacha
Foram pléite

Réamhrá

Tusa agus do Ríomhaire oiriúnach dóibh siúd a bhaineann úsáid as an nGaeilge agus as ríomhairí ar bhonn rialta agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar aon le taithí a fháil ar na saoráidí teicneolaíochta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bhainfeadh múinteoirí bunscoile agus meánscoile, fostaithe de chuid na hearnála poiblí, aistritheoirí, iriseoirí, mic léinn agus léachtóirí tríú leibhéal, agus daltaí Ardteiste tairbhe as an gcúrsa seo.

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do dhaoine a chuirfidh ar a gcumas:

  • obair a dhéanamh gan dua ar an ríomhaire, trí mheán na Gaeilge
  • an Ghaeilge a léamh gan deacracht
  • Gaeilge chruinn a scríobh
  • úsáid éifeachtach a bhaint as na bogearraí agus as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fáil ar líne anois.

Ábhar an chúrsa

Tá sé aonad sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire agus tá sprioc dhifriúil ag gach ceann acu:

Aonad 1 - Windows XP / Windows Vista

San aonad seo foghlaimeoidh tú conas:

  1. an córas oibre, teanga agus an méarchlár a shocrú ar do ríomhaire
  2. Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge
  3. déanamh cinnte nach mbeidh I mór le fáil sa téacs agus tú ag clóscríobh i nGaeilge
  4. an seiceálaí litrithe GaelSpell a chur ar do ríomhaire

Aonad 2 - Brabhsálaithe Éagsúla

San aonad seo foghlaimeoidh tú:

  1. conas úsáid a bhaint as an mbrabhsálaí IE 8
  2. conas an brabhsálaí Firefox a úsáid trí mheán na Gaeilge
  3. faoin bhfoireann ríomhchlár OpenOffice
  4. faoi Windows agus Office i nGaeilge

Aonad 3 - Áiseanna ar an nGréasán 1

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:

  1. na meáin chlóite ar líne
  2. stáisiúin raidió ar line / TG4
  3. podchraoltaí
  4. blaganna
  5. ábhar a chóipeáil ón ngréasán
  6. Wikipedia agus Vicipéid

Aonad 4 - Áiseanna ar an nGréasán 2

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:

  1. áiseanna úsáideacha téarmaíochta ar an ngréasán
  2. áiseanna úsáideacha gramadaí ar an ngréasán

Aonad 5 - Téarmaíocht Dhlithiúil

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:

  1. conas téarmaí a lorg ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil reachtaíocht na hÉireann le fáil orthu
  2. conas téarmaí a lorg ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil reachtaíocht na hEorpa le fáil orthu
  3. conas Google a úsáid leis na suíomhanna thuas a chuardach

Aonad 6 - Foghlaimeoirí Óga agus Fásta

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:

  1. acmhainní d’fhoghlaimeoirí fásta
  2. acmhainní d’fhoghlaimeoirí óga
  3. acmhainní do mhúinteoirí bunscoile
  4. siopaí ar líne

Innéacs an chúrsa

Tá innéacs curtha ar fáil a chuirfidh ar do chumas nithe éagsúla atá sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire a aimsiú go tapa.

Ábhar na n-aonad
Fuaimeanna lárnacha
Na fuaimeanna lárnacha ar cheart do na foghlaimeoirí díriú orthu san aonad áirithe sin.
Eolas úsáideach
An ghramadach a bhaineann leis an topaic atá i gceist san aonad. Cuirtear an ghramadach ar fáil i gcomhthéacs agus i bpíosaí beaga, agus seachnaítear téarmaíocht chasta.
Comhráite
Ceithre chomhrá agus aistriúchán Béarla de na comhráite sin. Tá an teanga atá le fáil sna comhráite seo nádúrtha agus dúchasach.
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha a bhaineann le téama an aonaid.
Cleachtaí
Réimse leathan de chleachtaí spraíúla atá bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá le fáil san aonad. Tá na cleachtaí scríofa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit. Tá comhaid fuaime leis na cleachtaí béil.
Léargas
Is í an aidhm atá ag na sleachta seo ná eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi stair na Gaeilge agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh mar gheall ar an nGaeilge sa domhan comhaimseartha.
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí faoi bhealaí éifeachtúla foghlama.
Cainteoirí Gaeilge
Tá réimse cainteoirí Gaeilge le feiceáil sna físeáin atá le fáil sa rannóg seo. Rinneadh an scannánú ar an láthair i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Treoir

Tá sé aonad sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge i gceist i ngach ceann acu. Ní gá na haonaid a dhéanamh san ord ina bhfuil siad, ach mar sin féin, is fearr aonad a haon a dhéanamh roimh aon cheann eile.

Tá ceachtanna uile an chúrsa idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach aonaid, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada Right arrow ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat san aonad agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Tosaigh Inniu

12 mhí
€35.00
Cláraigh

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Tá úsáid an tsuímh gréasáin ranganna.com á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, d’úinéirí an tsuímh, Gaelchultúr Teoranta, agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
  • Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh gréasáin ranganna.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas. Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta cur le coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
  • Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil inár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile a bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.
  • Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh (“an t-ábhar”) chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an suíomh seo agus gach ábhar atá ar fáil ar an suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bunachair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Ní ceadmhach aon chuid den ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den ábhar nó aon chuid den ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
  • Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.
  • Is é an comhlacht Stripe a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Dearbhaíonn Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé teachtaireachtaí ríomhphoist a gheobhaidh tú ó Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirithint amháin. Dearbhaíonn Stripe agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir. Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.
  • Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.
  • Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.
  • Má bhíonn tú míshásta ar aon chúis leis an gcúrsa atá ceannaithe agat, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil suas go dtí seacht lá tar éis an dáta ar íoc tú as an gcúrsa, ach amháin má tá an cúrsa féin tosaithe agat. Má bhíonn an cúrsa tosaithe, is féidir leat fós aisíocaíocht a fháil go dtí an tríú seachtain, ach déanfar luach an mhéid uaireanta an chloig teagaisc atá imithe sa chúrsa a bhaint as an táille atá íoctha agat agus íocfar an fuílleach leat. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. I gcás cúrsaí ar líne, measfar go mbeidh cúrsa tosaithe agat má tá tú tar éis logáil isteach don chúrsa ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa ar líne, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. Má tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, mar atá leagtha síos sna coinníollacha thuas, déan teagmháil le Gaelchultúr (cf. na sonraí teagmhála thíos) agus cuir in iúl gur mian leat aisíocaíocht a fháil. Déanfar an aisíocaíocht a sheoladh chugat laistigh de 21 lá.