Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Ábhar Samplach

Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge, ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge, agus ar na gnéithe is tábhachtaí do dhaltaí agus do mhúinteoirí bunscoile.

Tugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aitheantas don chúrsa críochnúil. Beidh na múinteoirí a ghlacfaidh páirt ann i dteideal trí lá saoire phearsanta bhreise (EPV) a thógáil ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a bhaineann leis an gcúrsa.

Tá aonad ón gcúrsa críochnúil roghnaithe againn chun blaiseadh beag a thabhairt duit den chúrsa. Tá an cúrsa críochnúil ar fáil anseo.

Liosta d'Aonaid an Chúrsa
Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Ábhar Samplach