Treoracha chun inscne ainmfhocal a aithint 1

Go minic, tugann deireadh ainmfhocail leid dúinn faoi inscne an fhocail sin. Níl sna treoracha thíos ach cinn ghinearálta - féach san fhoclóir má bhíonn tú in amhras faoi inscne ainmfhocail.

Ainmfhocail fhirinscneacha: deirí

-amhcúnamh, trealamh eisceachtaí: fréamh, neamh, screamh
-(a)ireailtire, ateangaire, iascaire eisceachtaí: aire, faire, pónaire, trócaire
-alcainéal, pobal eisceachtaí: coinneal, fabhal, meitheal, speal
-ánamhrán, cosán, eitleán
-asbreithiúnas, cleachtas, iarratas eisceachtaí: cluas, maitheas, mias
-(e)acht*acht, dréacht, leacht, ceacht, fuacht eisceachtaí: créacht, léacht, uacht
-(é)adbuiséad, paimfléad, seaicéad eisceachtaí: téad, fead, nead, scread
-(e)adhgeimhreadh, samhradh
-éalbéal, scéal
-éarféar, plépháipéar, sainstaidéar eisceachtaí: méar, sméar
-éir**báicéir, siúinéir eisceachtaí: céir, cléir, comhréir, mistéir, spéir
-eoceo, treo
-eoirmúinteoir, feirmeoir, polaiteoir eisceachtaí: beoir, deoir, treoir
-íncailín, toitín eisceachtaí: aintín, braillín, ealaín, muinín, vacsaín
-(i)úathrú, síniú
-óirambasadóir, breathnóir, cúntóir eisceachtaí: altóir, catagóir, éagóir, glóir, onóir, purgadóir, seanmóir, tóir
-stecoiste, páiste, morgáiste eisceachtaí: aiste, timpiste, tubaiste
-úirdochtúir, saighdiúir eisceachtaí: búir, stiúir, úir
-únbotún, coimisiún, príosún, seisiún
-úrcasúr, cultúr, figiúr, pictiúr eisceachtaí: deirfiúr, siúr
-úsfolús, parlús

* ainmfhocail aonsiollacha

** nuair a bhíonn gairmeacha i gceist

Treoracha chun inscne ainmfhocal a aithint 1