Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

3 mhí
€45.00
Cláraigh
6 mhí
€80.00
Cláraigh
12 mhí
€149.00
Cláraigh
Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level
Meánleibhéal
15 aonad
80 - 100 uair
Ábhar físe
Ábhar fuaime
Cleachtaí idirghníomhacha
Fóram plé
Dátheangach

Réamhrá

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

  • Gaeilge i bhfad níos líofa a bheith acu;
  • Gaeilge níos cruinne a bheith acu;
  • cur go mór lena stór focal;
  • cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;
  • cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;
  • tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Ábhar an chúrsa

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level bunaithe ar shiollabas B1,Teastas Eorpach na Gaeilge, agus ar ranganna Ghaelchultúir ag Meánleibhéal 1 (Cúrsaí A, B agus C). Tá an bhéim ar an gcaint laethúil agus múintear stór focal agus frásaí úsáideacha a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí labhairt fúthu féin agus faoina saol. Tá comhaid fuaime le fáil tríd síos agus, dá bhrí sin, is féidir le foghlaimeoirí éisteacht chomh minic agus is mian leo leis na focail agus frásaí nua atá á múineadh dóibh.

Aonaid an chúrsa

Tá 15 aonad in Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, agus tá gach ceann acu dírithe ar thopaic faoi leith. Seo iad na topaicí atá le fáil sa chúrsa:

  1. Cúlra agus Áit Chónaithe13 lessons
  2. An Teaghlach11 lessons
  3. An Teach11 lessons
  4. An Saol Oibre11 lessons
  5. Laethanta Saoire agus Taisteal11 lessons
  6. Cúrsaí Oideachais11 lessons
  7. Mo Stíl Mhaireachtála11 lessons
  8. Cúrsaí Oibre 11 lessons
  9. Bia agus Deoch 11 lessons
  10. Siopadóireacht agus Cúrsaí Airgid11 lessons
  11. Tinneas, Tréithe agus Mothúcháin11 lessons
  12. Coinní agus Socruithe11 lessons
  13. Teangacha11 lessons
  14. Na Meáin Chumarsáide11 lessons
  15. Labhairt faoin Am atá Romhainn11 lessons
Ábhar na n-aonad
Fuaimeanna lárnacha
Na fuaimeanna lárnacha ar cheart do na foghlaimeoirí díriú orthu san aonad áirithe sin.
Eolas úsáideach
An ghramadach a bhaineann leis an topaic atá i gceist san aonad. Cuirtear an ghramadach ar fáil i gcomhthéacs agus i bpíosaí beaga, agus seachnaítear téarmaíocht chasta.
Comhráite
Ceithre chomhrá agus aistriúchán Béarla de na comhráite sin. Tá an teanga atá le fáil sna comhráite seo nádúrtha agus dúchasach.
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha a bhaineann le téama an aonaid.
Cleachtaí
Réimse leathan de chleachtaí spraíúla atá bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá le fáil san aonad. Tá na cleachtaí scríofa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit. Tá comhaid fuaime leis na cleachtaí béil.
Léargas
Is í an aidhm atá ag na sleachta seo ná eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi stair na Gaeilge agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh mar gheall ar an nGaeilge sa domhan comhaimseartha.
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí faoi bhealaí éifeachtúla foghlama.
Cainteoirí Gaeilge
Tá réimse cainteoirí Gaeilge le feiceáil sna físeáin atá le fáil sa rannóg seo. Rinneadh an scannánú ar an láthair i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Treoir

Sílimid gurb é an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim ná tríd an teanga sin; dá bhrí sin, tá na treoracha ar fad sa chúrsa seo as Gaeilge ach is féidir cliceáil ar an gcnaipe Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles atá ag barr na leathanach ar dheis chun teacht ar aistriúcháin Bhéarla. Is féidir cliceáil ar an gcomhartha suimithe in aice le haon abairt Ghaeilge chomh maith chun aistriúchán Béarla den abairt sin a fháil.

Tá na ceachtanna ar fad sa chúrsa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe +Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit.

Ag tús gach aonaid, cuirtear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach an cnaipe Right arrow a bhrú, ar thaobh na láimhe deise, ag barr nó ag bun an scáileáin. Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.

Ar an leathanach scoir, tugtar léargas duit ar an obair atá déanta agat san aonad agus tugtar scór iomlán duit. Tugtar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level. Tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leo teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.

Tosaigh Inniu

3 mhí
€45.00
Cláraigh
6 mhí
€80.00
Cláraigh
12 mhí
€149.00
Cláraigh

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Tá úsáid an tsuímh gréasáin ranganna.com á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, d’úinéirí an tsuímh, Gaelchultúr Teoranta, agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
  • Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh gréasáin ranganna.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas. Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta cur le coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
  • Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil inár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile a bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.
  • Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh (“an t-ábhar”) chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an suíomh seo agus gach ábhar atá ar fáil ar an suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bunachair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Ní ceadmhach aon chuid den ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den ábhar nó aon chuid den ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
  • Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.
  • Is é an comhlacht Stripe a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Dearbhaíonn Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé teachtaireachtaí ríomhphoist a gheobhaidh tú ó Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirithint amháin. Dearbhaíonn Stripe agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir. Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.
  • Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.
  • Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.
  • Má bhíonn tú míshásta ar aon chúis leis an gcúrsa atá ceannaithe agat, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil suas go dtí seacht lá tar éis an dáta ar íoc tú as an gcúrsa, ach amháin má tá an cúrsa féin tosaithe agat. Má bhíonn an cúrsa tosaithe, is féidir leat fós aisíocaíocht a fháil go dtí an tríú seachtain, ach déanfar luach an mhéid uaireanta an chloig teagaisc atá imithe sa chúrsa a bhaint as an táille atá íoctha agat agus íocfar an fuílleach leat. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. I gcás cúrsaí ar líne, measfar go mbeidh cúrsa tosaithe agat má tá tú tar éis logáil isteach don chúrsa ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa ar líne, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. Má tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, mar atá leagtha síos sna coinníollacha thuas, déan teagmháil le Gaelchultúr (cf. na sonraí teagmhála thíos) agus cuir in iúl gur mian leat aisíocaíocht a fháil. Déanfar an aisíocaíocht a sheoladh chugat laistigh de 21 lá.