Is féidir leat go dtí nó chun a úsáid agus tú ag caint ar dhul go dtí tír a bhfuil an t-alt an mar chuid dá hainm. Bíonn ainmfhocail a leanann chun sa tuiseal ginideach agus tarlaíonn cúpla athrú dóibh. Ní gá duit na rialacha a bhaineann leis an nginideach a thuiscint anois – is leor na samplaí seo a leanas a fhoghlaim: 
You can use go dtí or chun when talking about going to a country which has the article an as part of its name. Nouns which follow chun are usually in the genitive case and undergo some changes. You don’t have to understand the rules of the genitive case now – just try learning the following examples:
|  |  | An Ghearmáin Germany |  |  | Chuaigh mé go dtí an Ghearmáin. nó
 Chuaigh mé chun na Gearmáine anuraidh.
 I went to Germany last year.  | 
|  |  | An Fhrainc France |  |  | go dtí an Fhrainc nó
 chun na Fraince
 to France | 
|  |  | An Spáinn Spain |  |  | go dtí an Spáinn nó
 chun na Spáinne
 to Spain | 
|  |  | An Ghréig Greece |  |  | go dtí an Ghréig nó
 chun na Gréige
 to Greece | 
|  |  | An Iodáil Italy |  |  | go dtí an Iodáil nó
 chun na hIodáile
 to Italy | 
|  |  | An Phortaingéil Portugal |  |  | go dtí an Phortaingéil nó
 chun na Portaingéile
 to Portugal | 
|  |  | An Astráil Australia |  |  | go dtí an Astráil nó
 chun na hAstráile
 to Australia | 
Úsáidtear go roimh na tíortha sin nach bhfuil an t-alt mar chuid dá n-ainm: 
Go is used before those countries which don’t have the article as part of their name:
|  |  | Meiriceá America |  |  | go Meiriceá to America | 
|  |  | Sasana England |  |  | go Sasana to England | 
|  |  | Albain Scotland |  |  | go hAlbain to Scotland | 
|  |  | Éire Ireland |  |  | go hÉirinn to Ireland |