Eolas úsáideach 2: Go dtí agus chun

Is féidir leat go dtí nó chun a úsáid agus tú ag caint ar dhul go dtí tír a bhfuil an t-alt an mar chuid dá hainm. Bíonn ainmfhocail a leanann chun sa tuiseal ginideach agus tarlaíonn cúpla athrú dóibh. Ní gá duit na rialacha a bhaineann leis an nginideach a thuiscint anois – is leor na samplaí seo a leanas a fhoghlaim:

An Ghearmáin
Chuaigh mé go dtí an Ghearmáin.
nó
Chuaigh mé chun na Gearmáine anuraidh.
An Fhrainc
go dtí an Fhrainc
nó
chun na Fraince
An Spáinn
go dtí an Spáinn
nó
chun na Spáinne
An Ghréig
go dtí an Ghréig
nó
chun na Gréige
An Iodáil
go dtí an Iodáil
nó
chun na hIodáile
An Phortaingéil
go dtí an Phortaingéil
nó
chun na Portaingéile
An Astráil
go dtí an Astráil
nó
chun na hAstráile

Úsáidtear go roimh na tíortha sin nach bhfuil an t-alt mar chuid dá n-ainm:

Meiriceá
go Meiriceá
Sasana
go Sasana
Albain
go hAlbain
Éire
go hÉirinn
Eolas úsáideach 2: Go dtí agus chun