Sa chéad cholún thíos, tá na míonna le fáil mar a scríobhtar sa Ghaeilge iad. Sa chaint, tá an claonadh ag daoine an focal mí a úsáid agus iad ag tagairt do mhí faoi leith: 
In the first column below, you can see the months as they’re written in Irish. In everyday speech, people tend to use the word mí (month) when referring to a particular month:
		
Tá mé ag dul go dtí an Spáinn i mí Iúil. I’m going to Spain in July.
		
Tá sí ag teacht ar ais i mí Lúnasa. She’s coming back in August.
|  |  | Eanáir  January  |  |  | mí Eanáir |  |  | ag tús mhí Eanáir  at the beginning of January  | 
|  |  | Feabhra  February  |  |  | mí Feabhra |  |  | i lár mhí Feabhra  in the middle of February  | 
|  |  | Márta  March  |  |  | mí an Mhárta |  |  | ag deireadh mhí an Mhárta  at the end of March  | 
|  |  | Aibreán  April  |  |  | mí Aibreáin |  |  | i rith mhí Aibreáin  during April  | 
|  |  | Bealtaine  May  |  |  | mí na Bealtaine |  |  | ag tús mhí na Bealtaine  at the beginning of May  | 
|  |  | Meitheamh  June  |  |  | mí an Mheithimh |  |  | i lár mhí an Mheithimh  in the middle of June  | 
|  |  | Iúil  July  |  |  | mí Iúil |  |  | ag deireadh mhí Iúil  at the end of July  | 
|  |  | Lúnasa  August  |  |  | mí Lúnasa |  |  | i rith mhí Lúnasa  during August  | 
|  |  | Meán Fómhair  September  |  |  | mí Mheán Fómhair |  |  | ag tús mhí Mheán Fómhair  at the beginning of September  | 
|  |  | Deireadh Fómhair  October  |  |  | mí Dheireadh Fómhair |  |  | i lár mhí Dheireadh Fómhair  in the middle of October  | 
|  |  | Samhain  November  |  |  | mí na Samhna |  |  | ag deireadh mhí na Samhna  at the end of November  | 
|  |  | Nollaig  December  |  |  | mí na Nollag |  |  | ag tús mhí na Nollag  at the beginning of December  |