Eolas fúinn
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é Ranganna.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.
Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú.
Bhronn QQI stádas mar choláiste tríú leibhéal ar Ghaelchultúr in 2013 agus tá cúrsaí aitheanta á gcur ar fáil aige anois ag leibhéil 3, 4, 5, 6 agus 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, chomh maith le go leor cúrsaí Gaeilge eile.
Bronnadh an Séala Eorpach Teanga ar an suíomh ríomhfhoghlama seo, ranganna.com, in 2009.
Tá súil againn go n-oirfidh ceann dár gcúrsaí duitse agus go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an nGaeilge a fhoghlaim.
Is í Ivana Varguličová a dhéanann an obair theicniúil ar an suíomh seo.