Anois, beidh seans agat éisteacht le roinnt ceisteanna agus freagraí samplacha a bhaineann le saoire in Éirinn agus sa Ghaeltacht.
Now you’ll have an opportunity to listen to some sample questions and answers relating to holidays in Ireland and in the Gaeltacht.
1. Déan iarracht na freagraí a léamh os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha atá i gcló dorcha.
Try to read the answers out loud first of all without reading the English translation. Be careful when you pronounce the letters in bold font.
2. Léigh na freagraí an dara huair agus féach ar an aistriúchán Béarla i gcás na leaganacha nach dtuigfidh tú.
Read the answers a second time and look at the English translation in the case of phrases you don’t understand.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh na bhfreagraí ag an am céanna.
Then, listen to the recording and read the answers at the same time.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.
After listening a few times, read aloud with the person on the recording. Don’t stop the recording as you do this.
Freagra samplach 1
Sample answer 1
Agallóir:
An ndéanann tú mórán taistil, a Nuala?
Do you travel much, Nuala?
Nuala:
Ní dhéanaim, ar an drochuair. Tá páistí óga agam agus tá sé ródheacair dul ar thuraisfhada leo. Ach táimid tar éis cuairt a thabhairt ar go leor áiteanna in Éirinn.
No, unfortunately. I have young children and it’s too hard to go on long trips with them. But we’ve visited lots of places in Ireland.
Agallóir:
Téann tú ar laethanta saoire in Éirinn go minic, mar sin.
You often go on holidays in Ireland, then.
Nuala:
Téann. Téim féin, m’fhear céile agus mo pháistí ar saoire in Éirinn gach samhradh. Faighimid teach ar cíos, nó fanaimid i láithreán campála. Téimid ag siúl, ag rothaíocht nó ag iascaireacht, agus má bhíonn an aimsir go dona, imrímid cártaí.
Yes. Myself, my husband and my children go on holidays in Ireland every summer. We rent a house, or stay in a camping site. We go walking, cycling or fishing, and if the weather is bad, we play cards.
Agallóir:
Cén tír ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi amach anseo?
What country would you like to visit in the future?
Nuala:
Ba bhreá liom dul go dtí an Téalainn. Tá go leor cloiste agam fúithi, mar bhí mo dheartháir ag obair ann mar mhúinteoir Béarla ar feadh bliana. Dúirt sé go bhfuil cultúr na tíre an‑suimiúil agus go bhfuil an bia an‑bhlasta. B’fhéidir go rachaimis ann nuair a bheidh na páistí níos sine.
I’d love to go to Thailand. I’ve heard a lot about it because my brother spent a year working there as an English teacher. He said the country’s culture is very interesting and that the food is delicious. Maybe we’ll go there when the children are older.
Freagra samplach 2
Sample answer 2
Agallóir:
Tá an Ghaeilge ar do thoil agat, a Éanna! An raibh tú sa Ghaeltacht riamh?
You have fluent Irish, Éanna! Were you ever in the Gaeltacht?
Éanna:
Bhí. Tá mé ag dul go Gaeltacht Ghleann Cholm Cille gach samhradh le cúig bliana anuas. Bainim an‑sult go deo as, agus tá sé ar intinn agam dul ar ais ann arís i mbliana.
Yes, I’ve been going to Gaeltacht Ghleann Cholm Cille every summer for the past five years. I really enjoy it and I intend to go back there again this year.
Agallóir:
An bhfreastalaíonn tú ar chúrsaí agus tú ansin?
Do you attend courses while you’re there?
Éanna:
Freastalaíonn. Cuireann Oideas Gael réimse leathan cúrsaí ar fáil, agus tá siad an-mhaith ar fad. Tá cúrsa cócaireachta, cúrsa ealaíne, agus cúrsa siúil sléibhe déanta agam go dtí seo, agus iad ar fad trí mheán na Gaeilge.
Yes. Oideas Gael offer a wide range of courses, and they’re really very good. So far, I’ve done a cooking course, an art course and a hill-walking course, and they were all taught through Irish.
Agallóir:
D’fhoghlaim tú roinnt mhaith Gaeilge agus tú ansin, mar sin.
So you learned a good deal of Irish while you were there.
Éanna:
D’fhoghlaim, cinnte. Tháinig feabhas ollmhór ar mo chuid Gaeilge agus tá i bhfad níos mó muiníne agam anois agus mé ag labhairt na teanga.
Yes, indeed. My Irish improved enormously and I’m a lot more confident now when speaking the language.
Agallóir:
Ar chuir tú aithne ar mhórán daoine?
Did you get to know many people?
Éanna:
Chuir, agus anois tá cairde agam ó cheann ceann na tíre. Is iontach an rud é!
Yes, and now I have friends from all over the country. It’s wonderful!
Freagraí samplacha: Saoire in Éirinn / sa Ghaeltacht