Úsáidtear na focail muintir na hIodáile sa Ghaeilge mar aistriúchán ar the Italians nó Italians. Is féidir leat na hIodálaigh a úsáid chomh maith.
The words muintir na hIodáile (the people of Italy) are used in Irish where you would say the Italians or Italians in English. You can also use na hIodálaigh.
Is aidiachtaí iad na focail Francach, Gearmánach, etc. chomh maith le bheith ina n-ainmfhocail agus úsáidtear iad le tagairt a dhéanamh do rud éigin ó thír chomh maith le duine ó thír.
The words Francach, Gearmánach, etc. are adjectives as well as nouns and are used when referring to something from a country as well as to a person:
Is breá liom bia Spáinneach. I love Spanish food.
Chaith mé coicís i mbaile beag Francach. I spent a fortnight in a small French town.
Is fiú an méid seo a leanas a fhoghlaim:
It’s worth learning the following:
| | Tír Country | | | Duine / daoine ón tír sin Person / people from that country |
|
| An Fhrainc France | |
| Francach / Francaigh French person / French people |
|
| An Ghearmáin Germany | |
| Gearmánach / Gearmánaigh German person/German people |
|
| An Spáinn Spain | |
| Spáinneach / Spáinnigh Spanish person / Spanish people |
|
| An Phortaingéil Portugal | |
| Portaingéalach / Portaingéalaigh Portuguese person / Portuguese people |
|
| An Iodáil Italy | |
| Iodálach / Iodálaigh Italian person / Italian people |
|
| An Ghréig Greece | |
| Gréagach / Gréagaigh Greek person / Greek people |