Eolas úsáideach 2: An aimsir fháistineach 2

Níl focal amháin sa Ghaeilge ar YesNo an Bhéarla; is é a chaithfidh tú a dhéanamh ná an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Chun a bheith in ann comhrá ceart a dhéanamh le daoine, ní mór duit foghlaim an tslí le ceisteanna a fhreagairt in aimsirí éagsúla. Foghlaim na ceisteanna agus freagraí seo thíos anois.

Ráiteas Ceist Freagra
Beidh sé déanach don chruinniú. An mbeidh sé déanamh don chruinniú? Beidh. Ní bheidh.
Imeoidh sí amárach. An imeoidh sí amárach? Imeoidh. Ní imeoidh.
Tiocfaidh sé ar ais gan mhoill. An dtiocfaidh sé ar ais gan mhoill? Tiocfaidh. Ní thiocfaidh.
Rachaimid ansin le chéile. An rachaimid ansin le chéile? Rachaidh. Ní rachaidh.
Feicfidh sibh Máire ansin. An bhfeicfidh sibh Máire ansin? Feicfidh. Ní fheicfidh.
Cloisfidh tú í ar an raidió anocht. An gcloisfidh tú í ar an raidió anocht? Cloisfidh. Ní chloisfidh.
Déanfaidh siad a lán oibre. An ndéanfaidh siad a lán oibre? Déanfaidh. Ní dhéanfaidh.
Déarfaidh siad leis imeacht. An ndéarfaidh siad leis imeacht? Déarfaidh. Ní déarfaidh.
Gheobhaidh sí carr nua gan mhoill. An bhfaighidh sí carr nua gan mhoill? Gheobhaidh. Ní bhfaighidh.
Íosfaidh mé bia sláintiúil. An íosfaidh tú bia sláintiúil? Íosfaidh. Ní íosfaidh.
Tabharfaidh sí airgead dúinn. An dtabharfaidh sí airgead dúinn? Tabharfaidh. Ní thabharfaidh.
Eolas úsáideach 2: An aimsir fháistineach 2