Níl focal amháin sa Ghaeilge ar Yes nó No an Bhéarla; is é a chaithfidh tú a dhéanamh ná an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Chun a bheith in ann comhrá ceart a dhéanamh le daoine, ní mór duit foghlaim an tslí le ceisteanna a fhreagairt in aimsirí éagsúla. Foghlaim na ceisteanna agus freagraí seo thíos anois.
There is no equivalent in Irish of Yes or No in English; what you have to do is to use the verb used in the question in your answer. So that you can have a proper conversation with people, you have to learn how to answer questions in various tenses. Learn the questions and answers below now.
Ráiteas Statement | Ceist Question | Freagra Answer | | |
Beidh sé déanach don chruinniú. He’ll be late for the meeting. | An mbeidh sé déanamh don chruinniú? Will he be late for the meeting? | Beidh. Yes. | Ní bheidh. No. |
|
Imeoidh sí amárach. She’ll leave tomorrow. | An imeoidh sí amárach? Will she leave tomorrow? | Imeoidh. Yes. | Ní imeoidh. No. |
|
Tiocfaidh sé ar ais gan mhoill. He’ll come back soon. | An dtiocfaidh sé ar ais gan mhoill? Will he come back soon? | Tiocfaidh. Yes. | Ní thiocfaidh. No. |
|
Rachaimid ansin le chéile. We’ll go there together. | An rachaimid ansin le chéile? Will we go there together? | Rachaidh. Yes. | Ní rachaidh. No. |
|
Feicfidh sibh Máire ansin. You’ll see Máire there. | An bhfeicfidh sibh Máire ansin? Will you see Máire there? | Feicfidh. Yes. | Ní fheicfidh. No. |
|
Cloisfidh tú í ar an raidió anocht. You’ll hear her on the radio tonight. | An gcloisfidh tú í ar an raidió anocht? Will you hear her on the radio tonight? | Cloisfidh. Yes. | Ní chloisfidh. No. |
|
Déanfaidh siad a lán oibre. They’ll do a lot of work. | An ndéanfaidh siad a lán oibre? Will they do a lot of work? | Déanfaidh. Yes. | Ní dhéanfaidh. No. |
|
Déarfaidh siad leis imeacht. They’ll tell him to leave. | An ndéarfaidh siad leis imeacht? Will they tell him to leave? | Déarfaidh. Yes. | Ní déarfaidh. No. |
|
Gheobhaidh sí carr nua gan mhoill. She’ll get a new car soon. | An bhfaighidh sí carr nua gan mhoill? Will she get a new car soon? | Gheobhaidh. Yes. | Ní bhfaighidh. No. |
|
Íosfaidh mé bia sláintiúil. I’ll eat healthy food. | An íosfaidh tú bia sláintiúil? Will you eat healthy food? | Íosfaidh. Yes. | Ní íosfaidh. No. |
|
Tabharfaidh sí airgead dúinn. She’ll give us money. | An dtabharfaidh sí airgead dúinn? Will she give us money? | Tabharfaidh. Yes. | Ní thabharfaidh. No. |
|