Listening and speaking B: Who's in the picture?

Feidhm teanga:
- eolas a thabhairt agus a lorg (tuairisciú / aithint / ceisteanna a chur agus a fhreagairt)

Tá na daltaí ag imirt cluiche tomhais leis an múinteoir. Roghnaíonn an múinteoir pictiúr éigin ach ní thaispeánann sí don rang é. Tugann sí leideanna faoin bpictiúr do na daltaí. Caithfidh na daltaí tomhas cé atá sa phictiúr.
Múinteoir:Tá cóta dearg air. Tá buataisí dubha air. Tá lámhainní glasa air agus crios mór dubh. Cé atá sa phictiúr?
Ruby:Daidí na Nollag?
Múinteoir:Ceart! Anois, a Ruby, tóg thusa pictiúr agus déan an rud céanna.
Ruby:Tá gúna dubh uirthi. Tá bróga dubha agus stocaí fada uirthi. Tá hata mór dubh uirthi. Cé atá sa phictiúr?
Linden:Cailleach?
Ruby:Ceart!
Listening and speaking B: Who's in the picture?