Níl focal amháin sa Ghaeilge ar Yes nó No an Bhéarla; is é a chaithfidh tú a dhéanamh ná an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Chun a bheith in ann comhrá ceart a dhéanamh le daoine, ní mór duit foghlaim an tslí le ceisteanna a fhreagairt in aimsirí éagsúla. Foghlaim na ceisteanna agus freagraí seo thíos anois.
Ráiteas | Ceist | Freagra | ||
Beidh sé déanach don chruinniú. | An mbeidh sé déanamh don chruinniú? | Beidh. | Ní bheidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_01.mp3 |
Imeoidh sí amárach. | An imeoidh sí amárach? | Imeoidh. | Ní imeoidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_02.mp3 |
Tiocfaidh sé ar ais gan mhoill. | An dtiocfaidh sé ar ais gan mhoill? | Tiocfaidh. | Ní thiocfaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_03.mp3 |
Rachaimid ansin le chéile. | An rachaimid ansin le chéile? | Rachaidh. | Ní rachaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_04.mp3 |
Feicfidh sibh Máire ansin. | An bhfeicfidh sibh Máire ansin? | Feicfidh. | Ní fheicfidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_05.mp3 |
Cloisfidh tú í ar an raidió anocht. | An gcloisfidh tú í ar an raidió anocht? | Cloisfidh. | Ní chloisfidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_06.mp3 |
Déanfaidh siad a lán oibre. | An ndéanfaidh siad a lán oibre? | Déanfaidh. | Ní dhéanfaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_07.mp3 |
Déarfaidh siad leis imeacht. | An ndéarfaidh siad leis imeacht? | Déarfaidh. | Ní déarfaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_08.mp3 |
Gheobhaidh sí carr nua gan mhoill. | An bhfaighidh sí carr nua gan mhoill? | Gheobhaidh. | Ní bhfaighidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_09.mp3 |
Íosfaidh mé bia sláintiúil. | An íosfaidh tú bia sláintiúil? | Íosfaidh. | Ní íosfaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_10.mp3 |
Tabharfaidh sí airgead dúinn. | An dtabharfaidh sí airgead dúinn? | Tabharfaidh. | Ní thabharfaidh. | GaeilgeGanStro/Aonad12/EolasUsaideach5_11.mp3 |