Listening and speaking A: Put on...

Feidhm teanga:
- eolas a thabhairt agus a lorg (teachtaireacht a thabhairt)

Tá na páistí ag imirt cluiche i ngrúpaí.
Tógann siad cártaí cosúil leis na cinn anseo thíos as clúdach litreach agus deir siad leis an ngrúpa cá bhfuil siad ag dul. Caithfidh na daoine eile sa ghrúpa a rá leo cén sort éadaí ba chóir dóibh a chur orthu féin.
Nóta: Más mian leat an cluiche seo a imirt sa seomra ranga, is féidir leat an bhileog ranga a íoslódáil ach cliceáil anseo.
Seona:Tá mé ag dul ag rith.
Linda:Cuir ort culaith reatha agus bróga reatha, mar sin.
Seona:Ceart go leor!
Linda:Tá mise ag dul ag snámh.
Maitiú:Cuir ort culaith snámha, mar sin.
Linda:Cuirfidh, cinnte.
Maitiú:Tá mise ag dul a luí.
Seona:Cuir ort pitseámaí, mar sin.
Maitiú:Tá go maith!
Listening and speaking A: Put on...