Useful information 1: The future tense 1

Is aimsir de chuid an bhriathair an aimsir fháistineach a úsáidtear chun tagairt do ghníomhaíochtaí nó staideanna san am atá romhainn:

Beidh Sinéad ar ais i gceann míosa.

Ní úsáideann tú forainm (, , , etc.) agus tú ag freagairt ceiste mar na cinn seo thíos san aimsir fháistineach – bíonn sé mícheart de ghnáth forainm a úsáid nuair a bhíonn Yes agus No mar fhreagra ar cheist.

An rachaidh sí abhaile ag an Nollaig?

Rachaidh.

Ní rachaidh.


An bhfeicfidh tú Liam amárach?

Feicfidh.

Ní fheicfidh.

Nuair a dhéanann tú ráiteas caithfidh tú, gan amhras, forainm a úsáid:

Rachaidh sí abhaile ag an Nollaig.

Feicfimid Liam amárach.

Tabhair faoi deara go scríobhtar an briathar agus an forainm mar fhocal amháin sa chéad phearsa uimhir iolra (e.g. feicfimid thuas).

Useful information 1: The future tense 1