Eolas úsáideach 5: Bí agus is

Tá dhá fhocal sa Ghaeilge, agus is, a bhfuil an bhrí chéanna acu ach a úsáidtear i gcomhthéacsanna difriúla. Féach ar an dá abairt seo:

Tá an lá go hálainn, nach bhfuil?

Is Iodálach í Antonella.

Ní gá duit a bheith buartha faoi na rialacha anois, áfach – foghlaimeoidh tú de réir a chéile cathain ba cheart duit a úsáid agus cathain ba cheart duit is a úsáid.

Idir an dá linn, féachfaimid ar na foirmeacha éagsúla den bhriathar san aimsir láithreach.

tá mé (nó táim*)
níl mé (nó nílim*)
tá tú
níl tú
tá sé/sí
níl sé/sí
táimid
nílimid
tá sibh
níl sibh
tá siad
níl siad

* Úsáidtear na foirmeacha seo i gcanúint na Mumhan.

Seo mar a thugann tú freagra ar cheist ina bhfuil an briathar :

An bhfuil Seán ar ais fós?

Tá.

An bhfuil siad ina gcónaí i Londain anois?

Níl.

Tabhair faoi deara nach n-úsáideann tú forainm (, , , etc.) agus tú ag freagairt ceiste mar seo – bíonn sé mícheart de ghnáth forainm a úsáid nuair a bhíonn YesNo mar fhreagra ar cheist. Tiocfaimid ar ais chuig an riail seo níos déanaí sa chúrsa.

Eolas úsáideach 5: Bí agus is