Tá dhá fhocal sa Ghaeilge, bí agus is, a bhfuil an bhrí chéanna acu ach a úsáidtear i gcomhthéacsanna difriúla. Féach ar an dá abairt seo:
Tá an lá go hálainn, nach bhfuil?
Is Iodálach í Antonella.
Ní gá duit a bheith buartha faoi na rialacha anois, áfach – foghlaimeoidh tú de réir a chéile cathain ba cheart duit bí a úsáid agus cathain ba cheart duit is a úsáid.
Idir an dá linn, féachfaimid ar na foirmeacha éagsúla den bhriathar bí san aimsir láithreach.
| tá mé (nó táim*) | | níl mé (nó nílim*) | ||
| tá tú | | níl tú | ||
| tá sé/sí | | níl sé/sí | ||
| táimid | | nílimid | ||
| tá sibh | | níl sibh | ||
| tá siad | | níl siad |
* Úsáidtear na foirmeacha seo i gcanúint na Mumhan.
Seo mar a thugann tú freagra ar cheist ina bhfuil an briathar bí:
An bhfuil Seán ar ais fós?
Tá.
An bhfuil siad ina gcónaí i Londain anois?
Níl.
Tabhair faoi deara nach n-úsáideann tú forainm (mé, tú, sé, etc.) agus tú ag freagairt ceiste mar seo – bíonn sé mícheart de ghnáth forainm a úsáid nuair a bhíonn Yes nó No mar fhreagra ar cheist. Tiocfaimid ar ais chuig an riail seo níos déanaí sa chúrsa.