Eolas úsáideach 4: Sárchéim na haidiachta

Úsáidtear is roimh an aidiacht sa tsárchéim:

Is é Conall an duine is sine sa chlann.

Is í Bríd an múinteoir is óige sa scoil.

Is iad na bialanna sin na cinn is fearr liom.

Tabhair faoi deara go scríobtar is é, is í agus is iad mar dhá fhocal ach go bhfuaimnítear iad mar fhocal amháin.


Seo mar a chuireann tú as … as in iúl i nGaeilge:

Tá Peadar chomh sean le Caoimhín.

Tá Baile Átha Cliath chomh daor le Páras.

Níl bia Iodálach chomh deas le bia Síneach.


Tabhair faoi deara nach n-athraíonn aidiachtaí a thosaíonn ar chonsan tar éis chomh ach go gcuirtear h roimh aidiachtaí a thosaíonn ar ghuta:

deas Tá bia Spáinneach chomh deas le bia Francach.
olc Níl a chuid cócaireachta chomh holc sin!
Eolas úsáideach 4: Sárchéim na haidiachta