Ní shéimhítear aidiacht san uimhir iolra de ghnáth.
An adjective isn’t usually lenited in the plural.
Uimhir uatha Singular | Uimhir iolra Plural |
scrúdú deacair (a) difficult exam | scrúduithe deacra difficult exams |
bialann dheas (a) nice restaurant | bialanna deasa nice restaurants |
Séimhítear aidiacht san iolra, áfach, nuair leanann sé ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol, fiú nuair a bhíonn na litreacha d, n, t, l, s ag teacht le chéile ag deireadh an ainmfhocail agus ag
tús an haidiachta:
An adjective is lenited in the plural, however, when it follows a noun which ends in a slender consonant, even when the letters d, n, t, l, s come together at the end of the noun and at the beginning of the adjective:
na teaghlaigh bheaga
the small families
turais dheacra
difficult journeys
amhráin dheasa
nice songs
Ní bhaineann an riail seo leis an ainmfhocal, áfach. Ní shéimhítear ainmfhocail éiginnte dar tús d, t, s i ndiaidh ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar d, n, t, l, s caol.
This rule does not apply to the noun, however. Indefinite nouns that start with d, t, s are not lenited after plural nouns that end on a slender d, n, t, l or s.
báid seoil
sailing boats
eastáit tithíochta
housing estates
cumainn trádála
trade associations
Ní shéimhítear ainmfhocail dar tús f i ndiaidh ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol.
Nouns starting with f are not lenited after plural nouns which end in slender consonants.
comhaid fuaime
sound files
baill foirne
staff members