Mar a dúradh san aonad deireanach, níl focal amháin sa Ghaeilge ar Yes nó No an Bhéarla agus caithfidh tú an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Féach ar an bpatrún sna ceisteanna agus freagraí seo thíos anois – beimid ag teacht ar ais chuig an aimsir chaite cúpla uair eile le linn an chúrsa seo agus beidh deis agat tuilleadh a fhoghlaim mar gheall uirthi.
Riail bheag amháin eile!
Cuirtear an mhír cheisteach Ar roimh na briathra rialta go léir san aimsir chaite. Cuirtear Ar roimh na briathra neamhrialta beir (bring, take), clois (hear), ith (eat), tar (come), agus tabhair (give), atá le feiceáil thuas. An a chuirtear roimh na briathra neamhrialta eile go léir. Tá siad sin le feiceáil thuas chomh maith.