Tá an riail chéanna a luamar san aonad deireanach maidir le forainmneacha san aimsir láithreach fíor i gcás na haimsire caite chomh maith: Ní úsáideann tú forainm (mé, tú, sé, etc.) agus freagra dearfach nó freagra diúltach á thabhairt agat ar cheist san aimsir chaite – bíonn sé mícheart de ghnáth forainm a úsáid nuair a bhíonn Yes agus No mar fhreagra ar cheist.
An raibh tú ansin aréir?
Bhí.
Ní raibh.
An ndeachaigh sí ar saoire?
Chuaigh.
Ní dheachaigh.
Nuair a dhéanann tú ráiteas caithfidh tú forainm a úsáid:
Bhí mé ansin aréir.