Mar a dúradh cúpla uair cheana féin, níl focal amháin sa Ghaeilge ar Yes agus No an Bhéarla; is é a chaithfidh tú a dhéanamh ná an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra.
An raibh tú ansin aréir?
Bhí.
Ní raibh.
Ná habair ‘Is ea. / Ní hea.’ mar fhreagra ar cheisteanna cosúil leis an gceann thuasluaite!
Déanann go leor iarrthóirí botún san agallamh agus iad ag freagairt ceisteanna. Bí cinnte gur féidir leatsa ceisteanna a fhreagairt i gceart sna haimsirí éagsúla, mar sin.