Useful information 7: Questions and answers in the past tense 2

Mar a dúradh san aonad deireanach, níl focal amháin sa Ghaeilge ar YesNo an Bhéarla agus caithfidh tú an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Féach ar an bpatrún sna ceisteanna agus freagraí seo thíos anois – beimid ag teacht ar ais chuig an aimsir chaite cúpla uair eile le linn an chúrsa seo agus beidh deis agat tuilleadh a fhoghlaim mar gheall uirthi.

Ráiteas Ceist Freagra
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_01.mp3 D’imir mé leadóg inné. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_02.mp3 Ar imir tú leadóg inné? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_03.mp3 D’imir. Níor imir.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_04.mp3 Tháinig siad anseo ar saoire. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_05.mp3 Ar tháinig siad anseo ar saoire? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_06.mp3 Tháinig. Níor tháinig.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_07.mp3 Chuaigh muid ansin gach lá. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_08.mp3 An ndeachaigh sibh ansin gach lá? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_09.mp3 Chuaigh. Ní dheachaigh.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_10.mp3 Chonaic sé iad go minic. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_11.mp3 An bhfaca sé iad go minic? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_12.mp3 Chonaic. Ní fhaca.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_13.mp3 Chuala sé í ar an raidió. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_14.mp3 Ar chuala sé í ar an raidió? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_15.mp3 Chuala. Níor chuala.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_16.mp3 Rinne siad an obair in am. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_17.mp3 An ndearna siad an obair in am? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_18.mp3 Rinne. Ní dhearna.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_19.mp3 Dúirt siad rudaí maslacha. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_20.mp3 An ndúirt siad rudaí maslacha? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_21.mp3 Dúirt. Ní dúirt.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_22.mp3 Fuair sí carr nua. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_23.mp3 An bhfuair sí carr nua? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_24.mp3 Fuair. Ní bhfuair.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_25.mp3 D’ith siad béile mór. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_26.mp3 Ar ith siad béile mór? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_27.mp3 D’ith. Níor ith.
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_28.mp3 Thug sé airgead di. GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_29.mp3 Ar thug sé airgead di? GaeilgeGanStro/Aonad05/EU7_30.mp3 Thug. Níor thug.

Riail bheag amháin eile!
Cuirtear an mhír cheisteach Ar roimh na briathra rialta go léir san aimsir chaite. Cuirtear Ar roimh na briathra neamhrialta beir (bring, take), clois (hear), ith (eat), tar (come), agus tabhair (give), atá le feiceáil thuas. An a chuirtear roimh na briathra neamhrialta eile go léir. Tá siad sin le feiceáil thuas chomh maith.

Useful information 7: Questions and answers in the past tense 2