Sample answers: Holidays and travel

Anois, beidh seans agat éisteacht le roinnt ceisteanna agus freagraí samplacha a bhaineann le laethanta saoire agus taisteal.

1. Déan iarracht na freagraí a léamh os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha atá i gcló dorcha.
2. Léigh na freagraí an dara huair agus féach ar an aistriúchán Béarla i gcás na leaganacha nach dtuigfidh tú.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh na bhfreagraí ag an am céanna.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.

Freagra samplach 1

Agallóir:An raibh tú riamh thar lear, a Shinéad?
Sinéad:Bhí. Is breá liom bheith ag taisteal. Téim ar laethanta saoire le mo theaghlach i rith an tsamhraidh gach bliain, agus mar sin tá go leor tíortha feicthe agam.
Agallóir:Cén áit a ndeachaigh sibh anuraidh?
Sinéad:Chuamar go dtí an Ghearmáin agus thógamar teach ar cíos sa Bhaváir ar feadh coicíse. Tá an t‑aer sa Ghearmáin go deas úr, agus tá an tír an-ghlan ar fad. Thaitin sé go mór liom dul ar shiúlóidí agus a bheith ag rothaíocht sa cheantar.
Agallóir:As na tíortha ar fad a raibh tú iontu go dtí seo, cén ceann is mó a thaitin leat?
Sinéad:Thaitin Meiriceá go mór liom. Tá gaolta agam i mBostún agus i Nua‑Eabhrac, agus thug mé féin agus mo theaghlach cuairt orthu dhá bhliain ó shin. Rinne mé go leor siopadóireachta mar go bhfuil na praghsanna i bhfad níos ísle ansin ná mar atá in Éirinn.

Freagra samplach 2

Agallóir:As na tíortha ar fad a raibh tú iontu go dtí seo, a Phádraig, cé acu ceann is mó a thaitin leat?
Pádraig:Thaitin an Ungáir go mór liom. Bíonn féile mhór cheoil ar siúl ann gach samhradh. Maireann sí ar feadh seachtaine agus bíonn go leor imeachtaí éagsúla ar siúl - ceolchoirmeacha de gach sórt, taispeántais damhsa, drámaí agus mar sin de.
Agallóir:Cathain a chuaigh tú ansin?
Pádraig:Chuaigh mé ann an samhradh seo caite. Bhí cúpla cara de mo chuid in éineacht liom agus bhaineamar an‑sult as. Bhí an aimsir breá brothallach gach lá, agus b’éigean dom tumadh sa Danóib cúpla uair, bhí mé chomh te sin!
Agallóir:An ndearna sibh aon rud eile agus sibh san Ungáir?
Pádraig:Chaitheamar cúpla lá sa phríomhchathair, Búdaipeist, i ndiaidh na féile. Thaitin na tithe folctha poiblí go mór liom. Saoire den chéad scoth a bhí ann!
Sample answers: Holidays and travel