Seo iad na huimhreacha a úsáidtear agus tú ag comhaireamh rudaí:
These are the numbers used when counting things in Irish:
1 | aon chathaoir amháin one chair | 11 | aon chathaoir déag eleven chairs |
2 | dhá chathaoir two chairs | 12 | dhá chathaoir déag twelve chairs |
3 | trí chathaoir three chairs | 13 | trí chathaoir déag thirteen chairs |
4 | ceithre chathaoir four chairs | 14 | ceithre chathaoir déag fourteen chairs |
5 | cúig chathaoir five chairs | 15 | cúig chathaoir déag fifteen chairs |
6 | sé chathaoir six chairs | 16 | sé chathaoir déag sixteen chairs |
7 | seacht gcathaoir seven chairs | 17 | seacht gcathaoir déag seventeen chairs |
8 | ocht gcathaoir eight chairs | 18 | ocht gcathaoir déag eighteen chairs |
9 | naoi gcathaoir nine chairs | 19 | naoi gcathaoir déag nineteen chairs |
10 | deich gcathaoir ten chairs | 20 | fiche cathaoir twenty chairs |
An uimhir uatha den ainmfhocal is gnách a úsáid i ndiaidh na n-uimhreacha:
The singular form of the noun is usually used after the numbers:
trí bhord
three tables
cúig oíche
five nights
Séimhítear consain i ndiaidh na n-uimhreacha 2-6 agus uraítear consain agus gutaí i ndiaidh na n-uimhreacha 7-10. Féach ar an bpatrún anseo thíos:
There is a séimhiú on words beginning with a consonant which follow the numbers 2-6 and an urú on words beginning with a consonant or a vowel after the numbers 7-10. Have a look at the pattern below:
| consain consonants | gutaí vowels |
| aon charr amháin one car | aon óstán amháin one hotel |
2 – 6 séimhiú ar chonsain séimhiú on consonants | dhá charr two cars cúig dheoch five drinks | trí óstán three hotels sé óstán six hotels |
7-10 urú ar chonsain agus ar ghutaí urú on consonants and and vowels | seacht gcarr seven cars ocht gcarr eight cars deich gcathaoir ten chairs | naoi n-oíche nine nights ocht n-óstán eight hotels deich n-oíche ten nights |