Féachaimis ar conas a athraíonn an focal bliain nuair a thagann uimhreacha éagsúla roimhe:
Let’s look at how the word bliain changes when it’s preceded by different numbers:
1 | 2 | 3-6 | 7-10 |
aon bhliain amháin one year | dha bhliain two years | trí bliana three years | seacht mbliana seven years |
| | ceithre bliana four years | ocht mbliana eight years |
| | cúig bliana five years | naoi mbliana nine years |
| | sé bliana six years | deich mbliana ten years |
Anois féachaimis ar an gcóras ó 11 ar aghaidh:
Let’s look now at the system from 11 onwards:
11 | 12 | 13-16 | 17-20 |
aon bhliain déag eleven years | dhá bhliain déag twelve years | trí bliana déag thirteen years | seacht mbliana déag seventeen years |
| | ceithre bliana déag fourteen years | ocht mbliana déag eighteen years |
| | cúig bliana déag fifteen years | naoi mbliana déag nineteen years |
| | sé bliana déag sixteen years | fiche bliain twenty years |
Is féidir an córas céanna atá le fáil i gcolúin 2, 3 agus 4 thuas a úsáid i gcás aoiseanna eile chomh maith. Mar a fheiceann tú thíos, áfach, caithfidh tú córas rud beag difriúil a úsáid i gcás 21, 31, etc.
The same system shown in columns 2, 3 and 4 above can be used in the case of other ages also. As you see below, however, you have to use a slightly different system in the case of 21, 31, etc.
fiche bliain twenty years | bliain is fiche twenty-one years | dhá bhliain is fiche twenty-two years |
tríocha bliain thirty years | bliain is tríocha thirty-one years | cúig bliana is tríocha thirty-five years |
daichead bliain forty years | bliain is daichead forty-one years | seacht mbliana is daichead forty-seven years |
caoga bliain fifty years | bliain is caoga fifty-one years | sé bliana is caoga fifty-six years |