Sa + séimhiú nó urú?

Messages

reply » Sa + séimhiú nó urú?

Hello! Tá ceist agam faoin réamhfhocal “sa”. Táim ag déanamh “Gaeilge gan stró” agus in aonad a chúig tá bean óg ag caint faoi a laethanta saoire thar lear. Deir sí: “Chaith mé thart fá deich lá sa gcathair sin”. An bhfuil “sa gcathair” ceart? I nGramadach gan stró deir Eamon Ó Dónaill go shéimhítear na consain b,c,f,g,m,p taréis an réamhfhocal “sa”. Cad a cheapann sibhse?

carolinemarina 3927
10/03/2011 10:16:54
reply » RE: Sa + séimhiú nó urú?

A Caroline, a chara,

Tá an ceart agat go leanann séimhiú sa go hiondúil.

I gcanúint Chonnacht, áfach, tá an nós ann urú a chur ar fhocail a leanann sa. Is as Béal Faoi le hEnda Ó Coineen an sliocht seo thíos:

‘Cé a bhí ann ach Maurice O’Doherty, RTÉ! Bhí mé sa mbaile! Bhí an oiread sin sceitimíní orm gur léim agus gur bhéic mé le háthas.’

(Liomsa an t-aibhsiú.)

Ach an rud is caighdeánaí ná séimhiú seachas urú a úsáid tar éis sa.

Tá nóta curtha isteach agam ar an script a ghabhann leis an bhfíseán ag míniú gur rud canúnach atá ann, agus tá an leagan caighdeánach curtha ar fáil agam idir lúibíní ina dhiaidh.

Ádh mór,
Helen
Gaelchultúr

Riarthóir 7
10/03/2011 11:14:26
reply » RE: Sa + séimhiú nó urú?

Go raibh míle maith agat. Táim ag déanamh tréaniarracht (focal a d’fhloglaim mé in Aonad a chúig!!) mo chuid Gaeilge a chur i bhfeabhas agus tá an fóram seo go hiontach chun tacaíocht bhreise a thabhairt do dhaoine.

carolinemarina 3927
10/03/2011 12:08:35
reply » RE: Sa + séimhiú nó urú?

Tá áthas orm go bhfuil tú ag baint úsáide as an bhfóram agus go bhfuil sé ina chabhair duit.

Ádh mór,
Helen

Riarthóir 7
10/03/2011 12:22:02
reply » RE: d n t l s

Ta ceist agam faoin aidiacht

seo sliocht as an cúrsa

D, n t, l, s

Nuair a thagann na litreacha d, n, t, l, s le chéile ag deireadh ainmfhocail agus ag tús aidiachta, bíonn séimhiú fós i gceist.

bialann Shíneach bean dheas

thúg mé faoi ndeara go raibh na ainmfhocail thuas baininsceanach.

cad faoi cailín agus deas

cailín deas nó cailín dheas

Ó Draoi 4056
29/03/2011 14:44:10
reply » RE: d n t l s

A Martin, a chara,

Tá sé rud beag aisteach, b’fhéidir, ach tá an focal cailín firinscneach.

Ní chuirtear séimhiú ar aidiachtaí i ndiaidh ainmfhocal firinscneach.

Cailín deas, mar sin, gan séimhiú.

Ádh mór,
Helen
Gaelchultúr

Riarthóir 7
30/03/2011 09:39:25
reply » RE: d n t l s

cad e an difrioct idir uru agus seimhu

marie farren
25/10/2011 21:17:48
reply » RE: d n t l s

cad e an diofrioct idir uru agus seimhu

marie fareen
25/10/2011 21:19:27
reply » RE: d n t l s

cad e an difrioct idir uru agus seimhu

marie farren
25/10/2011 21:20:21
reply » RE: d n t l s

cad e an difrioct idir uru agus seimhu

marie farren
25/10/2011 21:20:32
reply » RE: d n t l s

cad e an difrioct idir uru agus seimhiu

marie farren
25/10/2011 21:25:42
reply » RE: d n t l s

I bhfoclóir Uí Dónaill aistrítear séimhiú le ‘lenition’, ach le ‘mellowness’ freisin. Mar shampla, mothaimid an focal ‘chun’ (to) níos boige ná ‘cun’ (stoutness, thickness).

‘Uraigh’ (to eclipse), ‘urú gréine’ (eclipse of the sun). Sa ghramadach léiríonn an t-urú go dtéann fuaim na chéad litir na fréamhfhocal ‘i bhfolach’.

timmytoy 5495
05/11/2011 14:40:30
reply » Urú

A chairde,

An bhfuil sé ceart.... Téim ag rith ar an gcé i nDún Laoghaire.

Go raibh maith agat!

edavey 5478
19/03/2012 20:47:53
reply » RE: Urú

Tá sé sin cruinn, ceart.

Ádh mór,
Helen
Gaelchultúr

Riarthóir 7
20/03/2012 16:55:08