sine fada ar an gutha ' i '

Messages

reply » sine fada ar an gutha ' i '

‘An féidir le aon duine cabhrú liom? Ni féidir liom sine fada a fháil ar an gutha ' i ' . Nach bhfuil aon sli eile seachas ' control + alt agus an ' i ' nil se sin ag obair ar an riomhaire agam anseo

gura maith agaibh,

brigid

brigid 861
02/07/2009 14:44:08
reply » RE: sine fada ar an gutha ' i '

A Bhrigid, a chara,

Lean na treoracha thíos chun síntí fada a chlóscríobh:

AltGr + guta chun síneadh fada a chlóscríobh

AltGr + Shift + guta chun ceannlitir a chlóscríobh

Ádh mór,

Helen Hegarty

Riarthóir 7
02/07/2009 15:04:23
reply » Síntí fada

Ní oibríonn Alt Gr ar ríomhairí i dtíortha áirithe. Mura n-oibríonn Alt Gr, bainigí triail as na cleasa seo thíos.

á: ALT/0225

é: ALT/0233

í: ALT/0237

ó: ALT/0243

ú: ALT/0250

Á: ALT/0193

É: ALT/0201

Í: ALT/0205

Ó: ALT/0211

Ú: ALT/0218

Mar shampla, chun á a fháil, coinnigh méar amháin ar Alt, agus ansin brúigh ar 0 2 2 5, ceann i ndiaidh a chéile. Bain úsáid as na huimhreacha san eochaircheap uimhriúil (numeric keyboard) ar thaobh na láimhe deise den mhéarchlár. Ní oibríonn an cleas seo leis na huimhreacha ag barr an mhéarchláir.

Ádh mór,

Helen

Riarthóir 7
14/07/2009 09:54:30
reply » RE: Síntí fada

Very simple for someone that is familiar with computers. You need to add Irish and United States International to your keyboard in the Language section of the Control Panel. Then you will be able to type fadas.

Tom
08/03/2011 19:41:43