An ndeir

Teachtaireachtaí

freagair » An ndeir

A chairde

Táim ag déanamh Gaeilge Phraiticiúla do Rang 5 / 6. I modúl 3 tá samplaí mar seo:

An dtéann? Téann / Ní théann An bhfaigheann? Faigheann / Ní fhaigheann

Sa chleachtadh, bhí na samplaí sin, ach freisin bhí

An ndeir? Deir / Ní deir

Cén fáth nach bhfuil seimhiú ar an “d” anseo. Nach mbeadh sé

An ndéanann? Déanann / Ní dhéanann

mags_grant 4472
07/07/2011 13:04:52
freagair » RE: An ndeir

A Mags, a chara,

Is ceann de na briathra neamhrialta é an briathar abair, agus ní bhaineann na gnáthrialacha a bhaineann leis na briathra eile leo sin. Sin an fáth nach séimhítear deir i ndiaidh .

Féach ar an ngabháil scáileáin thíos ó shuíomh An Foclóir Beag (http://www.csis.ul.ie/focloir/):

Níl an dara rogha ann ach na briathra neamhrialta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Ach níl ann ach aon cheann déag acu!

Ádh mór,
Helen Hegarty
Éascaitheoir

Riarthóir 7
07/07/2011 14:11:27
freagair » RE: An ndeir

Go raibh maith agat as ucht an rud sin. Bhí mé ag déanamh comparáid idir An ndeir agus An ndéan agus ag féachaint ar an “d.”

Bhí an briathar céana arís i Modúl 4 ar maidin:

An ndéarfaidh / Déarfaidh / Ní déarfaidh

ach

An ndéanfaidh / Déanfaidh / Ní dhéanfaidh

  • MAG
mags_grant 4472
15/07/2011 14:27:38