'Fada' ar riomhaire??

Messages

reply » 'Fada' ar riomhaire??

Dia dhaoibh!! Is dalta nua me don chursa, agus ta deacrachtai agam le mo chuid cheachtanna cheana fein!! Bhfuil a fhios ag einne conas a chuireann tu ‘fada’ ar bharr do litreacha ar ghnath-riomhaire? Go raibh maith agaibh Sorcha

smcgillicuddy1@gmail.com 30208
27/01/2010 23:16:00
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Brón orm, tá sé agam!

Seo iad na treoireacha, más rud é go bhfuil siad á lorg ag éinne eile.

AltGr + guta chun síneadh fada a chlóscríobh

AltGr Shift guta chun ceannlitir a chlóscríobh

smcgillicuddy1@gmail.com 30208
27/01/2010 23:50:40
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Sin é, a Shorcha.

Mura n-oibríonn an cleas sin le Alt Gr, bain triail as na cleasa seo thíos.

á: ALT/0225

é: ALT/0233

í: ALT/0237

ó: ALT/0243

ú: ALT/0250

Á: ALT/0193

É: ALT/0201

Í: ALT/0205

Ó: ALT/0211

Ú: ALT/0218

Mar shampla, chun á a fháil, coinnigh méar amháin ar Alt, agus ansin brúigh ar 0 2 2 5, ceann i ndiaidh a chéile. Bain úsáid as na huimhreacha san eochaircheap uimhriúil (numeric keyboard) ar thaobh na láimhe deise den mhéarchlár. Ní oibríonn an cleas seo leis na huimhreacha ag barr an mhéarchláir.

Ádh mór,

Helen

Riarthóir 7
28/01/2010 10:01:07
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Go raibh maith agat, a Helen!

smcgillicuddy1@gmail.com 30208
04/02/2010 22:19:13
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Fadhb ar bith!

Riarthóir 7
05/02/2010 12:46:33
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Cad ata micheart?? Bhi me ag usaid alt + na litreacha i gceart ach ta botun ann anois. Nil me in ann i agus e (lower case) a fhail as seo amach. Teim ait eile ar an riomhaire. t

Ntkelly 2456
13/07/2010 18:21:49
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Ntkelly, a chara,

Ba cheart duit AltGr a úsáid, seachas Alt.

Ádh mór,

Helen

Riarthóir 7
14/07/2010 10:19:43
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

A Helen,

go raibh maith agat ach ni oibrionn alt na altgr + na litreacha ar chor ar bith. Inniu, nil me in ann i agus o (lower case) a fhail. Thainig e ar ais! Teim ait eile an tam ar fad ar an riomhaire.Ta gach vowel eile (lower agus upper) ag obair le alt +. Ta windows 7 agam. An bhfuil an fadhb seo ag einne eile? Nil me in ann dul nios faide ar an gcursa.

Ta suil agam go mbeidh freagra agam go luath.

Ntkelly 2456
14/07/2010 14:55:50
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Ntkelly, a chara,

Fiosróidh mé an scéal, agus beidh mé i dteagmháil leat go luath.

Helen

Riarthóir 7
14/07/2010 16:08:51
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Bhí an fhadhb chéana agam, caithfidh mé gach fada a ‘copy & paste’. Rinne mé gach rud atá luaithe thuas ach ní oibríonn sé fós!!

Siobhan Nic Giolla De 2752
14/07/2010 17:21:26
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Bíonn an chuid is mó de ríomhairí a cheannaítear sa tír seo réamhshocraithe sa mhonarcha don úsáid in Éirinn. Uaireanta, áfach, ní mór duitse na socruithe cuí a chur i bhfeidhm ar do ríomhaire.

Do ríomhaire a shocrú don Ghaeilge – Windows 7

(1) Cliceáil ar chlé ar ‘Start’ (ag bun an scáileáin ar chlé), ansin ar ‘Control Panel’. San fhuinneog a osclóidh, cliceáil ar ‘Clock, Language and Region’,

(2) Faoi ‘Region and Language’, cliceáil ar ‘Change keyboards or other input methods’.

(3) Cliceáil ar an táb ‘Location’ agus roghnaigh ‘Ireland’ mar ‘Current location’.

(4) Cliceáil ar an táb ‘Keyboards and Languages’ agus ansin ar an gcnaipe ‘Change keyboards’.

(5) Sa liosta anuas (drop-down list), roghnaigh ‘English (Ireland) – Irish’. Brúigh an cnaipe ‘Ok’ ansin.

(6) Brúigh an cnaipe eile ‘Ok’ ansin agus beidh tú críochnaithe.

Gaelchultúr

Riarthóir 7
15/07/2010 09:43:03
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Go raibh míle maith agaibh. Tá mé ar ais arís libh! Is féidir liom na litreacha a oibriú i gceart. In éineacht leis an gcúrsa tá mé ag foghlaim rudaí eile faoin ríomaire chomh maith. Maith sibh!

Ntkelly 2456
15/07/2010 10:36:20
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Tá áthas orm gur oibrigh na treoracha sin.

Tá go leor eolais den chineál sin sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga. Tugtar eolas ann mar gheall ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, múinteoirí agus daltaí san áireamh. Cúrsa praiticiúil atá ann, agus tá sé oiriúnach do mhúinteoirí atá réasúnta eolach ar ríomhairí, mar aon leo siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar an teicneolaíocht. Cabhróidh sé le múinteoirí:

• obair níos éifeachtaí a dhéanamh ar a ríomhaire;

• Gaeilge níos cruinne a scríobh;

• úsáid éifeachtach a bhaint as bogearraí Gaeilge agus as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fail ar líne anois;

• smaointe a fháil maidir le gníomhaíochtaí don seomra ranga.

Tá níos mó eolais faoin gcúrsa sin ar fáil ach cliceáil anseo. B’fhéidir go mbeadh spéis agat tabhairt faoin gcúrsa sin an bhliain seo chugainn!

Helen
Gaelchultúr

Riarthóir 7
15/07/2010 12:04:22
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

hello im having problems with the fada as well. i have tried all the instructions here but none have worked. im able to get the fadas when i am using microsoft office but not when i am trying to work on the corse in ranganna.com.

niallfla 2833
02/08/2010 20:00:34
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

ta an fadhb ceanna agamsa leis na fadas! am having serious fada issues and have tried the suggestions. sometimes alt gr works and other times it doesn’t. i noticed that if the answer box is pink the fada’s come up but if its grey/blue colour they don’t work. an raibh an fadhb ceanna ag aon duine eile no an bhfuil an fadhb le me romhaire?

Niamh Keane 3121
17/08/2010 17:36:39
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Dia dhuit. Ta an fadhb ceanna agam leis an bhfada- bhain me triail as gach ceann de na treoracha ach ni raibh an t-adh liom in aon chor. An feidir liom dul ar aghaidh gan fada a usaid? Nil moran ama fagtha agam.... ceist eile- an mbeidh an cursa ar oscailt go dti deireadh an lae ar an 27u la?

Chipilinio 22352
25/08/2010 07:39:58
reply » RE: 'Fada' ar riomhaire??

Aingeal, a chara,

Tá brón orm nár oibrigh na treoracha thuas - fiosróidh mé an scéal.

Cinnte, is féidir leat an cúrsa a dhéanamh gan síntí fada.

Ní mór duit bheith críochnaithe leis an gcúrsa roimh meánoíche ar an 27 Lúnasa.

Ádh mór,

Michelle

michelleryan 888
25/08/2010 11:49:10