Nuair a bhíonn tú ag caint faoi bheith i dtír, úsáideann tú i nó in roimh na tíortha sin nach bhfuil an t-alt mar chuid dá n-ainm:
Tíortha a dtosaíonn a n-ainm le consan
Sasana i Sasana Cúba i gCúba Tíortha a dtosaíonn a n-ainm le guta
Éire in Éirinn Albain in Albain
Úsáideann tú sa nó san roimh na tíortha sin a bhfuil an t-alt mar chuid dá n-ainm:
Tíortha a dtosaíonn a n-ainm le consan
An Ghréig sa Ghréig An Fhrainc sa Fhrainc Tíortha a dtosaíonn a n-ainm le guta nó fh + guta
An Iodáil san Iodáil An Éigipt san Éigipt An Fhionlainn san Fhionlainn