Is aimsir de chuid an bhriathair an aimsir chaite a úsáidtear chun gníomhaíochtaí nó staideanna a chur in iúl a bhaineann leis an am atá caite:
Bhí mé sa Spáinn ar feadh coicíse anuraidh.
Sa chéad phearsa uimhir iolra den aimsir chaite, tá rogha agat idir dhá fhoirm éagsúla. Seo cúpla sampla:
Chuaigh muid … nó Chuamar …
Rinne muid … nó Rinneamar …
Cheannaigh muid … nó Cheannaíomar …