Useful information 1: The imperative mood 1

Úsáidtear an modh ordaitheach den bhriathar nuair a bhíonn ordú á thabhairt. Sa Bhéarla, ní bhíonn aon difríocht idir an t‑ordú a thugtar do dhuine amháin agus an t‑ordú a thugtar do ghrúpa daoine, e.g. Set the table, Michelle agus Set the table, kids. Tá difríocht i gceist sa Ghaeilge, áfach. Féach ar na samplaí seo thíos.

Uatha Iolra
Suigh síos, a Chathail. Suígí síos, a pháistí.
Bí ciúin! Bígí ciúin!
Téigh a chodladh. Téigí a chodladh.
Éirigh, a Chathail. Éirígí, a pháistí.

Cuirtear roimh an mbriathar sa mhodh ordaitheach leis an diúltach a chumadh:

Uatha Iolra
Ná bí dána. Ná bígí dána.

Cuirtear h roimh ghuta a leanann :

Uatha Iolra
Ná hól an t‑uisce sin. Ná hólaigí an t‑uisce sin.
Ná hith na sceallóga go léir. Ná hithigí na sceallóga go léir.
Useful information 1: The imperative mood 1