Úsáidtear is roimh an aidiacht sa tsárchéim:
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_01.mp3 Is é Conall an duine is sine sa chlann.
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_02.mp3 Is í Bríd an múinteoir is óige sa scoil.
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_03.mp3 Is iad na bialanna sin na cinn is fearr liom.
Tabhair faoi deara go scríobtar is é, is í agus is iad mar dhá fhocal ach go bhfuaimnítear iad mar fhocal amháin.
Seo mar a chuireann tú as … as in iúl i nGaeilge:
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_04.mp3 Tá Peadar chomh sean le Caoimhín.
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_05.mp3 Tá Baile Átha Cliath chomh daor le Páras.
GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_06.mp3 Níl bia Iodálach chomh deas le bia Síneach.
Tabhair faoi deara nach n‑athraíonn aidiachtaí a thosaíonn ar chonsan tar éis chomh ach go gcuirtear h roimh aidiachtaí a thosaíonn ar ghuta:
deas | Tá bia Spáinneach chomh deas le bia Francach. | GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_07.mp3 |
olc | Níl a chuid cócaireachta chomh holc sin! | GaeilgeGanStro/Aonad08/EolasUsaideach4_08.mp3 |