Listening and speaking B: In the restaurant

Feidhm teanga:
- dearcadh a léiriú agus a lorg (mianta a léiriú nó fiosrú fúthu)

Tá daltaí an ranga ag féachaint ar bhiachlár, ag ligean orthu go bhfuil siad i mbialann. Is é Jack an freastalaí.
Freastalaí:Anois, an bhfuil sibh réidh le hordú?
Custaiméir 1:Tá. Beidh anraith agam don chéad chúrsa agus don phríomhchúrsa beidh stéig agam le sceallóga, le do thoil.
Freastalaí:Cinnte. Agus cad a bheidh le hól agat?
Custaiméir 1:Beidh gloine sú oráiste agam, le do thoil.
Freastalaí:Go breá. Anois, cad a bheidh agatsa?
Custaiméir 2:Beidh mealbhacán agamsa don chéad chúrsa agus sicín rósta agus prátaí don phríomhchúrsa, le do thoil. Agus beidh gloine 7up agam chomh maith.
Freastalaí:Agus tú féin, cad ba mhaith leatsa?
Custaiméir 3:Ba mhaith liom an sailéad glas don chéad chúrsa agus beidh curaí sicín agam ina dhiaidh sin, le do thoil.
Freastalaí:Agus an mbeidh deoch agat leis sin?
Custaiméir 3:Beidh. Beidh gloine sú anainn agam, le do thoil.
Freastalaí:Tá brón orm ach níl aon sú anainn againn faoi láthair.
Custaiméir 3:Ceart go leor. Beidh sú oráiste agam, mar sin.
Freastalaí:Tá go maith. Beidh mé ar ais gan mhoill.
Listening and speaking B: In the restaurant